Pop Up Gaeltacht na Breataine @ Fleadh Cheoil i gKirkby Lonsdale | Carnforth

Pop Up Gaeltacht na Breataine @ Fleadh Cheoil i gKirkby Lonsdale

What's happening?

Bígí linn chun an
***Fleadh Cheoil na Breataine***
a fhreastal trí Gaeilge!
Tóg ar dteanga álainn go dtí Ceantar na Loch!
Beidh deireadh seachtaine lán le ceol agus cultúr traidisiúnta mar chuid den fleadh agus beidh saghas Fringe Fleadh na Gaeilge againn!
Tuilleadh eolais:
https://www.comhaltas.co.uk/allbritainfleadh
LÓISTÍN
Más maith leat fanacht le Gaeilgeoirí eile, beidh lóistín againn anseo: https://www.woodclosepark.com/glamping/details/super-deluxe-pod
Más maith leat ‘Pod’ glampála a chur in áirithe chuig do chlann, do chairde nó duit féin ag roinnt le dhaoine eile, seol riomhphoat do James chomh luath agus is féidir leat.
IMEACHTAÍ
Beidh Comhaltas na Breataine agus craobhacha Conradh na Breataine ag teacht le chéile chun deireadh seachtaine do ghaeil na Breataine a heagrú agus chun Gaeltacht na Loch a cruthú!
Beidh ceardlanna, siúlóidí agus cluichí, agus neart níos mó ar siúl. Tabharfaidh an deireadh seachtaine deis do chairde, theaghlaigh agus Gaeilgeoirí eile Seal a chaitheamh trí Ghaeilge le dhaoine eile. Déan áirithint go luath linn chun spás a chinntiú agus chun gach eolas ar fáil.
PÁISTÍ
Is deis den scoth an deireadh seachtaine do páistí atá a thógáil le Gaeilge. Beidh seans ach an teanga a chloisteáil agus a rá le páistí agus daoine fásta nua go nádúrtha agus le spraoi.
FOGHLAIM
Beidh na daoine níos sine ag foghlaim chomh maith trí na himeachtaí, ranganna agus comhrá.
RUD AR BITH EILE
Má tá ceist, smaoineamh, nó moladh eile agat, inis dúinn sna comments thíos nó seol ríomhphost duinn:
Evin i nGlaschú - [email protected]
Katie i dtuaisceart Sasana - [email protected]
James i Londain - [email protected]
Agus inis dúinn más maith leat páirt a glacadh san eagarthóireacht.

When?

Friday, June 28th 2019 02:00pm

Where?

Kirkby Lonsdale, United Kingdom
Casterton Carnforth LA6 2 United Kingdom

Host:

Conradh na Gaeilge i Londain, Carnforth

Other events in Carnforth

Currently no future events available. Sorry!.